Chuaigh mé ag imirt bob nó bia le mo cholceathar. Bhí mé gléasta suas mar Nanny Mc Phee! An lá sin, d’íarr Mamaí liom móin a fháil. Nuair a chuaigh mé amach sa chlós, chuala mé duine ag béicíl. Nuair a d’fhéach mé suas ar an díon, bhí mo Dhaidí ar an díon gléasta suas mar phúca agus bhí masc ar a cheann! “Ó a dhaidí!” a bhéic mé. Bhí scanradh an domhain orm! Tháinig mo chlann amach agus thóg siad pictuirí dó!
Le Aibreán