Ag cur glasraí (Step 1)

An t-earrach atá anois agus tá an gáirdín réidh chun planadí a chur.

Inné chuaigh na daltaí ó ranganna Naí, 1, 2, 3, 4, 5 agus 6 amach agus chuir siad plandaí cabáiste, oiniúin, gairleóg agus fataí. Bhí lián agus lamhaínní ag gach duine.

Chroch muid dhá óstán na bhfeithidí (bug hotel) chomh maith.

Dhóirt Siobhan uisce orthu nuair a bhí na plandaí curtha síos againn.
Tá súil againn go mbeidh an aimsir go breá ionas go bhfásfaidh ár plandaí.

Bhí na naíonáin ag seiceáil an raibh na plandaí ag fás ag am lón, ach tuigeann na daltaí ó na ranganna eile go mbeidh orainn foighid a bheith againn go fóill.

Print Friendly, PDF & Email

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *