Thosaigh an dara cogadh domhanda i 1939. D’ionsaigh Hitler, seansailéir na Gearmáine, an Pholainn. Theastaigh uaidh cumhacht na Gearmáine a leathnú. Chuaigh an Bhreatain Mhór agus an Fhrainc in aghaidh na Gearmáine agus thosaigh an dara cogadh domhanda.
Bhí sé an-deacair earraí mar oráistí, bananaí, eadaí nó peitril a fháil in Éirinn ag an am sin. Bhí ar dhaoine cartái ciondála a thabairt don siopadóir chun rudaí mar tae agus siúcra a cheannacht.