An t-Earrach

spider1Tá muid ag lorg comharthaí go bhfuil an t-Earrach ag teacht mar tá muid ag glacadh páirt sa tionnscnamh Greenwave don ghradam Discover Primary Science and Maths.

Chonaic Gráinne síol froganna in a páirc agus thóg sí pictiúr iontach chun é a thaispeaint dúinn. Tá sé beagán aisteach mar tá an síol suite ar féar atá fliuch. De ghnách, feiceann muid síol froganna i locháin uisce.

12552_1395842854

 

Chonaic muid sceach geall le bachlóga beaga ag tíocht air, díreach in aice na scoile:

12552_1395848206

 

Nuair a bhí muid ag siúl síos bhothar Pheadair, chonaic muid sabhaircín buí ag fás ar thaobh an bhothair chomh maith:

12552_1395848399

 

Print Friendly, PDF & Email

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *