Nuair atá an ghrian ag taitneamh, aithríonn uisce ó na aibhneacha, lochanna agus farraigí go gal.
Téann an gal suas go hard sa spéir áit a éiríonn sé fuar, agus déantar scamall de.
Nuair a líontar an scamall le braoiníní uisce, titeann siad arí chun na talún i bhfoirm báistí, clocha shneachta nó sneachta.
Fanann an t-uisce ar an talamh agus in aibhneacha, lochanna agus farraigí. Tosaíonn timthriall an uisce an athuair ansin.
Tá 97% d’uisce an domhain sna farraigí agus mar sin ní féidir é a ól, agus 2.15% eile den uisce ceaptha i gcnoic oighir. Is fíorbheag an méid uisce atá ar fáil do dhaoine i ndáiríre; tá sé ríthábhachtach mar sin dúinn an t-uisce atá againn a chaomhnú agus a chosaint, go háirithe más mian linn go mbeidh uisce atá sábháilte le hól ag clann ár gclainne.
Is feidir leat níos mó eolais a fháíl anseo