Lá Gaelach

Bhí lá deas againn inniú le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Ar maidin bhí céile againn. Rinneamar na damhsaí seo; Ionsaí na hInse, An staicín Eorna, Cur bróg ar an asal, Tar chugam agus An Damhsa mór. Fuair Seamus, Shauna, Padraig C. agus Erin duais bheag mar rinne siad an iarracht is fearr leis na damhsaí. Bhí an-craic againn. Rinne cúpla cailiní Reel agus Jig dúinn. Bhí siad ar fheabhas! Rinne Lisa agus Ailish an two-hand freisin. Fuair siad bualadh bos mór. Tar eis an céilí, bhí cúpla cluichí againn, Musical statues agus ‘Tag Corp’. Bhuaigh Liam agus Róisín ‘Tag Corp’.
Tar eis am lón, bhí tráth na gceist againn sa halla. Bhí scór ard ag gach fhoireann ach sa deireadh bhuaigh Foireann 5 é. Maith sibhse!
Tar eis an Tráth na gceist, bhí cluiche biongó againn. Bhuaigh cúpla páistí duaiseanna le haghaidh na ceithre cúinne, líne amháin agus an teach lán. Bhí an-spórt againn.


Enlarge this document in a new window
Digital Publishing with YUDU

Enlarge this document in a new window
Digital Publishing with YUDU
Print Friendly, PDF & Email

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *